Official GAA Site

GAA Official

Galway GAA

Galway GAA

Hogan Stand

Hogan Stand

GAA Museum

GAA Museum

An bhFuil a Fhios Agat Cá bhFuil Cónaí Ort???

Ar smaoinigh tú i gceart ariamh ar an gceantar ina gcónaíonn tú? Leis na heastáit nua ar fad atá tógtha i gceantar Rathúin tá sé deacair fios a bheith agat ar cén áit go díreach a gcónaíonn tú. Cuimsíonn Cumann Iománaíochta Rathún/An Caisleán Nua an gceantar ó Bhearna go Curcullen agus an bealach ar fad go Sean Talamh, ina bhfuil ceantair ar nós Páirc na Sceiche, Daingean, An Caisleán Nua, An Baile Thiar, Rathún, Mion Cluain, Bóthar Stiofán, Bóthar na Claí Báine, Bóthar Bhaile Mhóinín, Buaile Bhig, Corr Bhaile, Morgan, Droim, Tobar Óráin, Corcullen agus Tóin a’Bhrocaigh.

Mar a fheiceann tú go soiléir sa mapa, d’fhéadfá a bheith i do chónaí i gceantar Chumann Iománaíochta Rathún/An Caisleán Nua atá marcáilte leis an líne gorm. Feicfidh tú freisin láthair ár bpáirc nua agus na seomraí feistis/Gym/Seomraí Cruinnithe nua as an bpíosa atá le críochnú go luath. Tá an áis nua seo i gcroílár cheantar Ráthún, i ngar do chách.

Leis an strus ar fad a bhaineann leis an saol cén fáth nach mbíonn tú páirteach agus sásamh a bhaint as ceann de na cluichí is fearr ar domhan in éindí le do pháistí ar leic an dorais. Déanann muid áisiú ar chuile dhuine de chuile aois ó faoi 8 go dtí os cionn 40 (agus níos faide!). Dá bhrí sin má chónaíonn tú i gceann ar bith de na ceantair seo agus gur mhaith leat imirt le cumann forásach, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le aon oifigeach nó ball don chumann chun sonraí a fháil maidir le seisiúin traenála nó cruinnithe cumainn.

Tionóltar traenáil faoi aois le traenálaithe cáilithe go hiomlán chuile Máirt, Céadaoin agus Domhnaigh ag an Ionad Spóirt Réigiúnach i nDaingean ag 6.30in. Tá fáilte roimh imreoirí nua i gcónaí ó eastáit nua i Rosán Glas, Bóthar Stiofán, Gort na Gréine, Mion Cluain, Bóthar na Claí Báine, Bóthar Bhaile an Mhóinín agus Buaile Bhig.

 

 



Only search rahoonnewcastle.com

2008 Rahoon-Newcastle Hurling Club
Contact: RobertKeane111@hotmail.com
Developed by Brian Guilfoyle 2008